Nuacht - News

Seoladh oifigiúil ar Shuíomh Greasáin nua na Laochra

Nuair a bunaíodh Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta in 1969, bhí sé d’aidhm acu seasamh in éadan creimeadh leanúnach na Gaeltachta agus feachtasaíocht a spreagadh ar son cearta na nGael ar bhonn teangeolaíochta, cultúrtha, polaitiúil agus socheacnamaíochta. Is mar gheall ar an fheachtasaíocht seo ar tháinig ann do Raidió na Gaeltachta in 1972 agus Údarás na Gaeltachta níos faide anonn in 1979. Roimhe seo, áfach, in 1969 féin, bhí smaoineamh ag an bhaicle díograiseoirí céanna fá eagrú comórtas peile a chur ar bun chun freastal ar na Gaeltachtaí. Thosaigh sé an bhliain chéanna i nGaoth Dobhair chun féinmheas, bród agus dlúthpháirtíocht a chothú idir na ceantair éagsúla Ghaeltachta. Bunaíodh coiste náisiúnta agus fuarthas stádas oifigiúil ó Pháirc an Chrócaigh mar […]

zero: Comments

FÉILE UÍ MHUIRÍ 2015

Thit Féile Peile na nGaelscoileanna 15’ amach ar Aoine 24 Aibreán. Bíonn an comórtas dírithe ar Bhunscoileanna lán-Ghaeilge Aontroma. Bhí páirc Naomh Pól, páirc Rossa agus páirc na Sairséalach ar fad in úsáid i mbliana, agus tá lucht eagraithe an chomórtais an-bhuíoch as úsáid na bpáirceanna. Tá an fhéile ag druidim ar an dara bhliain dhéag ach ainmníodh é in ómós an Ghael iomráiteach, Liam Ó Muirí, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Eanáir na bliana, 2010. Iardhalta de chuid Bunscoil Phobal Feirste a bhí ann agus an Ghaeilge lárnach ina shaol. Mar aon leis an Ghaeilge, ba fhear mór spórt é a raibh suim nach beag aige sna cluichí gaelacha i dteannta le póló uisce. Bhí dhá […]

zero: Comments

Get on your rothar an ride

Young Gaels are in action again and for a second year running with the launch of Cumann Rothaíochta Loch Lao (Loch Lao Cycling Club) this Sunday, 8th March 2015 meeting at An Chultúrlann 10:00am. With a successful 2014, where 70 members took part in weekly cycles around the north, 36 cyclists completing a 100 mile charity cycle and a central role in Belfast’s Irish language community, Máirtín MacGabhann stated ‘It is only natural to continue with the club, to build on the club’s success and add to the fabric of Ceathrú Gaeltachta.’ The cycling club aims to build on the sterling work of 2014 by promoting the language through sporting and fitness activities. The development of the club has and […]

zero: Comments

Gaeil ag Gníomhú ar theacht an GIRO/ Gaels in action on the arrival of GIRO

Tá Gaeil óga Bhéal Feirste ag gníomhú arís chun tógáil ar athbheochan phobalbhunaithe na teanga agus Cumann Rothaíochta Loch Lao á sheoladh ar an Domhnach bheag seo, 11 Bealtaine ag a 10rn, ag bualadh ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is trathúil agus toipiciúil go bhfuil an dul chun cinn seo ag titim amach agus ceann de na himeachtaí is mó rothaíochta ar domhan ag teacht go Béal Feirste cois cuain ag an deireadh seachtaine agus an Giro d’Italia ag mealladh na céadta míle turasóirí fud fad na tíre. Beidh sé de sprioc ag an chumann tógáil ar an tsárobair atá déanta ag Laochra Loch Lao, Cumann Peile na Ceathrún Gaeltachta,  agus iad ag cur cinn na tean ga fríd forbairtí […]

zero: Comments

An Teach Mór – Free App for iPad

The Latest interactive app from Oin Interactive is now available to download for free from the iTunes App store, This Irish Language app allows users to explore an interactive house where they can absorb the sounds and phrases commonly used in everyday Gaeilge life .

zero: Comments
Laochra-Loch-Lao geansie

Lainseáil ar na Mná Laochra / Female Laochra Launched!

Is cinnte go bhfuil baill ó Chumann Lúthchleas Gael Laochra Loch Lao (Béal Feirste) ag gníomhú ar mhana s’acu, ‘Lean ar aghaidh’. Tá an club le foireann peile na mban a chur isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Beidh an comórtas ar siúl i nDún na nGall i mí an Mheithimh agus tá mná Loch Lao chun a ndícheall a dhéanamh peil den scoth a imirt i rith an deireadh seachtaine mór seo. Bunaíodh Laochra Loch Lao, foireann péile na Ceathrún Ghaeltachta, ag deireadh na bliana 2006 agus tá siad i ndiaidh ról lárnach a imirt sa phobal áitiúil, an Ceathrú Ghaeltachta, ó shin. Tá mná an chumainn ag eagrú cheana féin don chomórtas agus tá beagnach cúig  […]

zero: Comments

Baineann na Laochra Corn Uí Cheallaigh Arís! / Laochra scoop Ó Ceallaigh Cup again!

Is le lúchair, gaisce, dlúthpháirtíocht agus spraoi a ghlac ceithre fhoireann sinsear ó dheisceart Chontae Aontroma páirt i gCorn Oilibheár Uí Cheallaigh Dé Sathairn seo caite. Eagraithe i mbliana mar dhlúthchuid de Fhéile Gaeilge le Bród a bhí faoi lánseol ag eagraíocht Ghaeilge Uachtar Chluanaí, Glór na Móna, is iad Cumann Lúthchleas Gael Laochra Loch Lao a reachtálann an comórtas peile seo. Bunaithe in 2006 mar fhoireann peile de chuid na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste, d’ardaigh na Laochra clú agus stádas Gaeilfeirste i measc Ghaeil na tíre agus iad ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta ó 2007 i leith. Go deimhin féin, lean clár faisnéise a rinne an comhlacht scannánaíochta Imagine Media iad amuigh go Béal […]

zero: Comments

Cath Dhá Chathair! / Battle of two cities!

Laochra in uachtar sa chath idir na Foirne lánghaelacha i rith Féile an Phobail /Laochra get upper hand in battle of Irish speaking teams in Féile an Phobail Bhí an lámh in uachtar ag foireann peile na ceathrún Ghaeltachta, Laochra Loch Lao, sa chluiche dushláin idir iad féin agus an fhoireann peile Lánghaelach as Báile Átha Cliath, Na Gaeil Óga (1-8-11). Ócáid stairiúil a bhí ann ag Páirc Mhic Ionnrachtaigh ag Gort na Móna CLG a eagraíodh mar chuid d’fhéile an Phobail 2011.   Lá brea grianmhar a bhí ann don chluiche agus is é Ardmheára Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile, a chaith an liathróid isteach don chluiche. Bhain na Laochra an cluiche agus chríochnaigh an scór 3-10 go 1-5. Is iad imreoirí […]

zero: Comments

Website Design by Oin Interactive | Team Login Entries RSS Comments RSS