FÉILE UÍ MHUIRÍ 2015

Corn Uí Mhuirí, Ginearálta

Thit Féile Peile na nGaelscoileanna 15’ amach ar Aoine 24 Aibreán. Bíonn an comórtas dírithe ar Bhunscoileanna lán-Ghaeilge Aontroma. Bhí páirc Naomh Pól, páirc Rossa agus páirc na Sairséalach ar fad in úsáid i mbliana, agus tá lucht eagraithe an chomórtais an-bhuíoch as úsáid na bpáirceanna. Tá an fhéile ag druidim ar an dara bhliain dhéag ach ainmníodh é in ómós an Ghael iomráiteach, Liam Ó Muirí, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Eanáir na bliana, 2010. Iardhalta de chuid Bunscoil Phobal Feirste a bhí ann agus an Ghaeilge lárnach ina shaol. Mar aon leis an Ghaeilge, ba fhear mór spórt é a raibh suim nach beag aige sna cluichí gaelacha i dteannta le póló uisce.
Bhí dhá bhfoireann déag san iomaíocht leis an chorn, sciath agus pláta a bhuachan i mbliana agus bhí ard-chaighdeán peile á himirt acu go léir i rith an lae. Ar bharr Chorn Liam Uí Mhuirí, bhí deiseanna chun Sciath Laochra Loch Lao agus Pláta Choláiste Feirste a bhaint. Ní coirn agus boinn amháin a bhí le glacadh ar ais chun na scoile, ach bhí faill ann do bhuaiteoirí Fhéile Peile na nGaelscoileanna a dhul go Comórtas Peile na Gaeltachta i dTír Chonaill ar son na scoile s’acu.
Ní raibh ach foireann amháin a dtiocfadh leofa Corn Liam Uí Mhuirí a bhuachan. I ndiaidh cluiche corraitheach ceannais, d’éirigh Bunscoil Phobail Feirste an bua a bheith acu agus ní scéal úr sin le cúpla bhlain anuas. Is léir go bhfuil neart dul chun cinn déanta acu agus is cheann de na scoileanna is fearr sa tuaisceart o thaobh péil Gaeilge de. Bhain lucht mhuintir Bhóthar Seoighe leis an bhua sin i mbliana arís agus iomlán tuilte acu.
D’éirigh le Gaelscoil na bhFál, Pláta Choláiste Feirste a bhuachan, ach bhí an-drochádh ar Foireann B Bunscoil Phobail Feirste. I gcluiche ceannais na scéithe, tháinig le Gaelscoil Ghleann Darach an bua a bheith acu tar éis cluiche an-chóngarach a bhaint i gcoinne Gaelscoil Éanna. Chiallaigh sin, gurbh é Sciath Loch Lao an chéad chorn peile dar bhain Gaelscoil Ghleann Darach. Éacht ar féidir leofa a thógáil air, don bhliain seo chugain
Eagraíonn foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao i gcomhair le Choláiste Feirste, an comórtas iontach seo bliain i ndiaidh bliana. Bhí mórathruithe déanta i mbliana leis an choiste eagraithe agus tá tógail mhór ar Féile Uí Mhuirí i mbliana. De gnáth, is imeacht amháin a mbíonn i gceist agus é dírithe ar Bhunscoileanna. Ach, i mbliana forbraíodh an chomórtas go dtí deireadh seachtaine de imeachtaí pobail dírithe ar daoine óga, teaghlaigh, luthcleasaithe agus níos mó. Bhí nmeascán de oícheannta soisálta, turas cultúrtha, rothaíocht, póló uisce agus lá spraoi do theaghlaigh i bPáirc na bhFál.
Bhí oíche ceilireadh i gcumann Naomh Pól óiche Aoine. Bhí breis is 30 a d’freastal ar turas treoraithe go Co. an Dúin maidín satharn le Matt Mac Giolla Fhiondáin agus thug siad cuairte thart suíomhanna stairiúla agus cultúrtha an Dúin. Nóin Sathairn bhí breis is trí chéad Gael óga ag ag baint sult as lá Spraoi Fhéile Uí Mhuirí i bPáirc na bhFál. De Domhnaigh bhí cluiche idir dhá iar chumann polo uisce Liam Clúain Ard agus Cathal Brugha, bhí rothaíocht go dtí Caisléan Úr le Cumann Rothaíochta Loch Lao agus Turas teoraithe ‘slí na Gaeltachta’ súilíod 2 míle thart an ceathrú Gaeltacht a cuireann solais ar scéal iontach na Gaeilge i mBéal Feirste.
Deireadh seachtaine iontach a bhí ann agus tá ard moladh don choiste eagrúcháin a chur Féile gaelach eile ar an féilire. Bhí seo deis do theaghlaigh, cairde agus iarmhúinteoirí Liam chomh maith le duine ar bith in earnáil na Gaeilge teacht le chéile chun an féile agus saol Liam a cheiliúradh agus sin an rud a rinne siad.
corn úi 1

Corn Úí

Please leave us some feedback?

Website Design by Oin Interactive | Team Login Entries RSS Comments RSS