Tá stair shaibhir ag an Ghaeilge i mBéal Feirste agus thosaigh an athbheochan is déanaí breis is 50 bliain ó shin le bunú An Chumann Chluain Ard agus de réir a chéile bunaíodh an chéad Ghaeltacht uirbeach sa tír ar Bhóthar Seoighe agus amach uaidh sin bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste. Tá an Ghaeilge ag dul ó neart ó shin agus sa lá atá inniu tá aon Ghaelscoil déag, meánscoil lán-Ghaeilge amháin, stáisiún Raidió, Gael-Ionaid agus a thuilleadh uilig lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste. Mar gheall air seo ar fad, tugadh stádas oifigiúil don cheantar mar Cheathrú Ghaeltachta. Tá oidhreacht shaibhir ag an Chumann Lúthchleas Gael in Iarthar Bhéal Feirste chomh maith, bhí an chéad dhá chumann a bunaíodh i mBéal Feirste ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Bunaíodh Laochra Loch Lao chun deis a thabhairt do lúthchleasaithe Iarthar Bhéal Feirste teacht le chéile agus an dá shuim is mó acu, an Pheil agus an Ghaeilge a chleachtadh agus a fhorbairt faoi aon scáth amháin. Tá muid thar a bheith bródúil as bheith mar ionadaí Bhéal Feirste sa chomórtas iontach seo.
Sa bhliain 2007, don chéad uair riamh i stair Chomórtas Peile na Gaeltachta, i mBéal Átha an Ghaorthaigh i gCo Chorcaí, bhí ionadaí ó Bhéal Feirste, CLG Laochra Loch Lao CLG páirteach agus ag imirt ann ó shin. Sa bhliain 2011, bhain Laochra Loch Lao an cluiche ceannais amach in éadan Naomh Muire na Rosann ach chaill muid le pointe amháin i ndiaidh bheith chun tosaigh cuid mhaith den chluiche. I measc na gcluichí is fearr i stair an chomórtais dar le Seán Bán Breathnach. Comórtas stairiúil a bhí ann sa bhliain 2017 do Laochra Loch Lao de thairbhe go raibh deireadh le comhchumann agus tús le ré úr do Ghaeil Feirste nuair a bunaíodh cumann neamhspleách soarscartha i Meán Fómhair 2017.